| Sa scannán faisnéise seo, déanta thar sé mhí sa Bholaive, caithear solas ar staid dhaoine óga ar na sráideanna. Faigheann siad cabhair ó eagras neamh-rialtais Enda Bolivia ina strachailt in aghaidh ocrais, dífhostaíochta, teangan (aymara) agus ciníochais. Tá cuireadh ag an stiúrthóir bheith i láthair, chomh maith le Marie Laure Picoury, a d'oibrigh le cuid de rannpháirtithe an scannáin, agus beidh sí á phlé linn i ndiaidh an scannáin. Tá Marie Laure ina cónaí in Éirinn anois agus tá sí ag obair le Afri (www.afri.ie).
|